Immigration History from Northern Ireland (Irish Gaelic) to Victoria
Níor tugadh aitheantas ar leith do phobal Victoria a rugadh i dTuaisceart Éireann go dtí daonáireamh 1971.
Bhí inimircigh as Éirinn ar fad, ar an slua ba mhó i ndiaidh na Sasanaigh, a bhí ina gcónaí i Victoria ó 1854 go dti an chéad cogadh domhanda. Thart ar 1871, nuair a bhí an líon phobail 100,468, bhí níos mó ná gach ceathrú duine saoluithe in Éirinn.
Chuir gorta mór na h-Éireann sna 1840 sluaite móra ar imirce de bharr an bhochtaineacht agus anró an droch-shaoil. D’oibríodar i Victoria mar sealgairí míola móra, iascairí, buachaillí feirme, agus ins na bailecheantair mar shaotharaí agus oibrí monarchan. D’éirigh le cuid acu mar úinéirí maoine, agus daoine gairmiúla.
Ins na blianta idir 1850 agus 1890 bhí cabhair nó cuidiú ag formhór na n-inimircigh as Éirinn chuig Victoria, a lán acu ag éalú ó ghéar-smacht cultúrtha ag baile. I gcomparáid le grúpaí as tíortha eile, bhí fir agus mná ar an gcomhaireamh céanna. Chuaigh cuid mhaith acu ag lorg a saibhris ar na ceanntracha óir.
Tá fás agus forbairt na h-Eaglaise Caitliceach i Victoria faoi chomaoin an phobal Éireannach. Tháinig mná-rialta agus sagairt anseo sa naoú aois déag agus go luath sa fichiú aois chun séipéil, scoileanna agus dílleachtlann a bhunadh, ar nós Eaglais Naomh Peadar is Pól i South Melbourne, a cuireadh ar bun sa bhliain 1854.
Ag tús an fichiú aois bhí deireadh leis an oll imirce as Éirinn. Chuaigh an imirce in éag nuair a scaradh Tuaisceart Éireann mar ionad polaitiúil ann féin sa bhliain 1921 tar éis Cogadh na Saoirse.
Tharla uasphointe na himirce ó Thuaisceart Éireann go Victoria idir na blianta 1960 agus 1967 nuair a tháinig méadú 20% ar an daonra. Lean sé seo lámh ar lámh le méadú an fhoréigin idir Caitlicigh agus Protastúnaigh i dTuaisceart Éireann agus de bharr sin ísliú san eacnamaíocht.
Thaispeáin daonáireamh na bliana 2011 go raibh cónaí i Victoria ar 5,858 duine, a rugadh i dTuaisceart Éireann. Sa lá atá inniu ann tá an pobal scaipthe ó Berwick go dtí leathinis Mornington. Tá 50% ag saothrú a mbeatha mar ghairmithe agus mar bhainisteoirí, 31% in obair cléireachais, córas seirbhísí agus tráchtála.
Tá páirt thabhachtach á líonadh ag an Eaglais sa líon phobail seo – le leath na ndaoine ag leanúint an chreidimh Protastúnaigh agus duine as gach cúigear mar Chaitliceach.